News

Missed an earlier news item? Visit the news archive.

A CELEBRATION OF MUSIC AT SIANSA GAEL LINN FINAL

The University Concert Hall, Limerick was full to capacity on Sunday, 26 April last when hundreds of teenagers, their supporters and families, gathered for a night that will long be remembered by all for it’s celebration of youth and music –the Siansa Gael Linn Grande Finale 2009 !

Siansa is a traditional music competition organised by Gael Linn and supported by RTÉ Raidió na Gaeltachta and Irish Music Magazine , that aims to promote Irish traditional music and song by providing a platform for talented teenagers who aspire to follow in the footsteps of bands such as Altan, Dervish, Danú, Téada etc. Eight groups from different parts of Ireland competed for a total prizefund of €4,500:
‘Coimriú’, St. Mary’s College, Magherafelt, Co. Derry; ‘Seachrán’,  Coláistí Eoin/Íosagáin, Booterstown, Co. Dublin; ‘Anáil’, Presentation College, Athenry, Co. Galway;
‘Cibé’, Raheny, Dublin;‘Rithim 7rl’, CCÉ Beaumont, Dublin; Eamhain Macha’, Ratoath, Co. Meath; ‘Diabhlaíocht’, Thurles, Co.Tipperary; ‘Spraoi’, Sligo Grammar School, Sligo.

Each group played their own ten to twelve minute selection of traditional Irish music and song arranged in an imaginative and innovative way.  These young groups, who qualified through two rounds of the competition since November last to gain a much coveted place in the All Ireland Finals,  had the opportunity recently of participating in  workshops with Oisín Mac Diarmada, fiddler with the group  ‘Téada’   and  Muireann Nic Amhlaoibh, singer and flute-player with the group Danú  who gave advice on various aspects of ensemble playing, arranging music, songs  etc.  Both Oisín and  Muireann also adjudicated the finals along with popular broadcaster and banjo-player,  Kieran Hanrahan . All  were full of praise for the high standard of musicianship achieved by the young participants, and they had a difficult job choosing the winners as result !

First prize of €2500 and the Gael Linn trophy were awarded to ‘Spraoi’ from Sligo Grammar School, second place with a prize of €1250 was awarded to ‘Anáil’  from Presentation College, Athenry and third place with a prize of €750 was awarded to ‘Coimriú’, from St. Mary’s Grammar School, Magherafelt, Co. Derry. A memento of the occasion, specially designed by Eoin McDonnell of  the Trinity Enterprise Centre, Dublin, was awarded to every member of each group who took part in the final.

The concert was compered by well known traditional music broadcaster Áine Hensey and was broadcast  ‘live’ on RTÉ Raidió na Gaeltachta for the first time.
Ceiliúradh ceoil ag CRAOBH SIANSA GAEL LINN 2009 !

Bhí Ceoláras na hOllscoile, Luimneach  lán go doras ar an Domhnach, 26 Aibreán nuair a bhailigh na sluaite déagóirí, a dtuismitheoirí agus a múinteoirí le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar an óige agus ar an cheol traidisiúnta ag Craobh SIANSA GAEL LINN 2009.  Bhí atmasféar iontach sa halla agus ceol den scoth á sheinm !

Comórtas do ghrúpaí ceoil thraidisiúnta is ea Siansa atá á reáchtáil ag Gael Linn, le tacaíocht ó RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Irish Music Magazine chun spreagadh agus ardán a thabhairt don chuid is fearr de ógthallan cheoil agus amhránaíochta traidisiúnta na tíre.

Bhí 8 ngrúpa ar fad páirteach sa Chraobh agus sheinn siad a dteaglaim féin de cheol agus
d’amhráin thraidisiúnta, cóirithe ar bhealachúr,samhailteach:
‘Diabhlaíocht’, Dúrlas, Co. Thiobraid Árann; ‘Anáil’, Coláiste na Toirbhirte, Baile Átha
an Rí, Co. na Gaillimhe; ‘Eamhain Macha’,Ráth Tó, Co. na Mí;‘Seachrán’, Coláistí
Eoin/Íosagáin, Baile an Bhóthair, Baile Átha Cliath;  ‘Cibé’, Ráth Éanna,Baile Átha Cliath;
‘Rithim 7rl.’, CCÉ Beaumont, Baile Átha Cliath;‘Spraoi’, An Scoil Ghraiméir, Sligeach;
‘Coimriú’, Scoil Mhuire, Machaire Fíolta, Co. Dhoire.

D’éirigh leis na grúpaí seo áit a ghnóthú sa Chraobh trí pháirt a ghlacadh i réamhbhabhtaí den chomórtas ó mhí na Samhna seo caite, agus bhí deis acu chomh maith páirt a ghlacadh i gceardlanna  leis an bhfidléir Oisín Mac Diarmada ón ngrúpa ‘Téada’ agus le Muireann Nic Amhlaoibh, amhránaí agus fliútadóir leis an ngrúpa ‘Danú’.  Thug na ceoltóirí iomráiteacha seo comhairle ar chóiriú ceoil agus amhráin do na grúpaí agus is cinnte go ndeachaidh sé chun tairbhe dos na grúpaí óga.
Bhí géar-iomaíocht ann sa Chraobh don duaischiste €4,500 agus rogha deacair le déanamh ag na moltóirí !   Arís, is iad Oisín Mac Diarmada agus Muireann Nic Amhlaoibh  a bhí i mbun gnó, le cúnamh ón gcraoltóir chailiúil, Kieran Hanrahan, a bhí ar dhuine de bhunaitheoirí ‘Stockton’s Wing’ sna seachtóidí !   Ar deireadh, bronnadh an phríomhdhuais €2,500 agus trófaí Gael Linn ar  ‘Spraoi’, An Scoil Ghraiméir, Sligeach as a léiriú snasta, ceolmhar.  Tháinig an ghrúpa seo sa tríú háit sa chraobhchomórtas anuraidh, agus bhí sceitimíní áthais ar bhaill an ghrúpa agus ar a lucht tacaíochta nuair a bhaineadar an príomhduais amach i mbliana.  Bronnadh €1250 don dara háit ar ‘Anáil’, ó Choláiste na Toirbhirte, Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe agus chuaigh an triú háit agus €750  chuig  ‘Coimriú’, Scoil Mhuire, Machaire Fíolta, Co. Dhoire.
Bronnadh duais chuimhneacháin,  a bhí deartha go speisialta don ócáid ag Eoin McDonnell,  ar na ceoltóiri uilig a bhí páirteach sa Chraobh.
Áine Hensey ó  RTÉ Raidió na Gaeltachta  a rinne sár-obair den chur i láthair ar an oíche agus craoladh an cheolchoirm beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta don chéad uair.

Permalink - Posted: April 30, 2009 at 12:17 pm