News

Missed an earlier news item? Visit the news archive.

Buaiteoirí Siansa Gael Linn 2011!

www.gael-linn.ie

Is iad an grúpa ‘Éile’ ó Laurel Hill, Coláiste FCJ, Luimneach a thug an chéad áit leo ag craobhchomórtas Siansa Gael Linn sa Cheoláras Náisiúnta Dé Domhnaigh seo caite, 10 Aibreán 2011.  Ag ceiliúradh deich mbliana ar an bhfód, tá Siansa anois ar cheann de phríomhchomórtais cheoil agus amhránaíochta na tíre.  Tá sé á reáchtáil ag Gael Linn,  le tacaíocht ó RTÉ Raidió na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus Irish Music Magazine, chun dlúthcheangal a chothú idir an Ghaeilge, an ceol agus an óige.

Ocht ngrúpa ó gach cearn den tír a bhí páirteach sa chraobhchomórtas - ó Cho. Ard Mhacha - ‘Crua’, Port an Dúnáin; ó Shligeach - ‘Teaspach’, An Scoil Ghraiméir; ó Cho. Thiobraid Árann -’Súgach’, Dúrlas; ó Cho. Bhaile Átha Cliath - ‘Buille Lughadha’, Baile na Manach agus ‘Cibé’, Ráth Éanaigh; ó Cho. an Chláir - ‘Faoiseamh’, An Ruán; ó Luimneach - ‘Éile’, Laurel Hill Coláiste FCJ agus ó Cho. Phort Láirge - ‘Dílse’, An Trá Mhór.  Chuir gach grúpa a rogha féin de cheol agus d’amhráin thraidisiunta i láthair ar bhealach snasta, slachtmhar.

Bhí  géariomaíocht eatarthu don duaischiste EUR4,500 agus is ar na ceoltóirí iomráiteacha Síle Denvir, Dónal O’Connor agus Breanndán Ó Beaglaoich a thit sé na duaiseoirí a roghnú.  Bhí lúcháir an domhain ar a lucht tacaíochta nuair a fógraíodh gurbh iad ‘Éile’  ( Deirdre Ní Mhaoláin, Máire Ní Riain, Ellen Ní Ghormáin, Marta Ní Ghlinn, Emma Ní Dhubháin, Eimear Ní Mhaolain, sophie De Buitléir agus Zoe Stedje )  na buaiteoirí.     Bhí a múinteoir, Holly Geraghty, an-bhródúil as a cuid scoláirí!

Rinne an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Donncha Mac Fhionnlaoich comhghairdeas  leis na duaiseoirí agus le gach grúpa a bhí páirteach sa cheolchoirm as an gcaighdeán ard ceoil agus amhránaíochta a bhí acu. .  Bhronn sé trófaí Gael Linn agus seic EUR2,500 ar na curaidh ó Laurel Hill Coláiste FCJ a bheidh ag ceiliúradh go ceann seachtaine i Luimneach!  Mhol sé  Foras na Gaeilge, RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Irish Music Magazine as a dtacaíocht don chomórtas thar na blianta.

Ghnóthaigh ‘Cibé’ ( a bhí sa tríú háit anuraidh ! ) seic ar EUR1,250 don dara háit   agus thug ‘Crua’ ó Phort an Dúnáin  an triú háit  agus seic ar EUR750 leo. Bronnadh duais chuimhneacháin ar na ceoltóirí uilig a bhí páirteach sa Chraobh.  Eiseoidh Gael Linn dlúthdhiosca leis na duaiseoirí go luath, agus beidh siad le feiceáil chomh maith ar www.gael-linn.ie <http://www.gael-linn.ie/>  amach anseo.

Áine Hensey  ó RTÉ Raidió na Gaeltachta a rinne sár-obair den chur i láthair ar an oíche agus rinne an stáisiún craoladh beo ar an gceolchoirm. Beidh blaisíní ón ócáid ar shuíomh RTÉ Raidió na Gaeltachta go luath.

Permalink - Posted: April 12, 2011 at 1:55 pm