News

Missed an earlier news item? Visit the news archive.

Gradaim Cheoltóirí Óga Siansa Gael Linn

An Ceoláras Náisiúnta, Dé Domhnaigh, Aibreán 14, 2013

www.gael-linn.ie

AN PORT CEART AG “NUADA” AGUS CRAOBH NA hÉIREANN BUAITE ACU

BRONANN UACHTARÁN NA hÉIREANN MICHEÁL D Ó hUIGINN TRÓFAÍ GAEL LINN AGUS MOLANN SIANSA

COMÓRADH 60 BLIAIN GAEL LINN

BHUAIGH DAOINE ÓGA ón ngrúpa“Nuada” ó Mheánscoil San Nioclás, An Rinn, Co Phort Láirge, an comórtas Siansa Gael Linn 2013 sa Cheoláras Naisiúnta i mBaile Átha Cliath aréir (Domhnach, Aibreán 14) le ceol aoibhinn traidisiúnta a mheall cluasa idir mholtóirí, Uachtarán na hÉireann agus an Halla féin a bhí lán go doras.

Tháinig dhá ghrúpa as Baile Átha Cliath, “Frioscaí” ó Rath Éanna agus “Na Fataí Fánacha ó Choláiste Eoin-Íosagáin, sa dara agus sa triú háit foai seach.

Tháinig ocht ngrúpa ceoil ar stáitse i ndiaidh a chéile sa chraobhcheannais ag .iarraidh an lámh in uachtar a fháil lena stíl, lena gcumas agus lena gcur i láthair. Ní raibh giog as an slua de 1,000 duine ag éisteacht leo ná, is dóiche, leis an lucht éisteachta RTÉ Raidió na Gaeltachta a bhí á chraoladh beo agus á chur i láthair ag Áine Hensey..

Sa deireadh ba iad “Nuada”  a bhí i dtiúin leis na moltóirí. Bhí gliondar i gcroíthe na mbuaiteoirí óga agus a i gcroíthe a gcomrádaithe chomh maith nuair a bhronn an tUachtarán Micheál D. Ó hUiginn an Trófaí Gael Linn orthu. Níor fágadh le pócaí folmha iad ach oiread le seic breá €2,500 mar chéad dhuais.

Bhí tocht i nglór Pax Uí Fhaoláin tar éis gur bhronn an tUachtarán Micheál D Ó hUiginn an Trófaí Gael Linn  air ar an stáitse. “Lena bheith macánta faoi ní raibh mé ag súil leis an mbua. Nuair a fuaireamar an scéal bhí mise réidh le pléascadh. Thug sé cupla nóiméad ormsa glacadh leis. Bhí an caighdeán chomh hard sin i measc na ngrúpaí eile.

Agus cad a dhéanfaidh siad leis an seic €2,500? “Ní bhfuaireamar deis macnamh faoi. Cinnte caithfear é sa scoil le rud éigin a bhaineann le ceol.”

Dúirt Áine Ní Cheallaigh, príomhoide Meánscoil San Nioclás, go raibh sí muiníneach as seans “Nuada” tar éis dóibh teacht ón stáitse. “Nuair a sheinneadar bhí mé an-sásta. Má bhí na moltóirí ag lorg rud nádúrtha óna gcroíthe bhí seans acu. Agus b’shin a tharla.”

Bhí Edel Ní Chuireáin, Ceannaire, RTÉ Raidió na Gaeltachta, a chraol an comórtas ar fad beo an-tógtha leis an gcaighdeán ceoil. “Ón méad a chuala mé ar an stáitse is iontach an tuar dóchais é do chúrsai ceoil sa todhchaí. Molaim Gael Linn agus na múinteoirí  as ucht a gcuid oibre. Ar ndóigh tá lúcháir orainne a bheith páirteach i Siansa.”

Bhí moladh ag teacht ó Robert Heuston ó Irish Music Magazine, ceann eile de na hurraí. “Is é Siansa ceann de mhór-bhuaicphointí ceoil na bliana. Tréaslaím  le Gael Linn as a bpáirt thábhachtach i gcur chun cinn an cheoil agus tá Irish Music Magazine anbhróidiúl as na nasc atá againn le Siansa.”

Bhí dhá chúis cheiliúrtha ag Gael Linn, a d’eagraigh an comórtas. Bhí siad ag ceiliúradh rath Siansa 2013 agus an 60 bliain bainte amach ag Gael Linn ag cur cás na Gaeilge agus an chultúir chun cinn. Ina oráid féin ghlac príomhfheidhmeannach Gael Linn, Antoine Ó Coileáin, buíochas leis an Uachtarán Micheál D. Ó hUiginn as an aitheantas a thug sé don ócáid agus é i láthair mar phríomhaoi. Ghlac sé buíochas chomh maith le RTÉ Raidió na Gaeltachta, le Foras na Gaeilge agus le Irish Music Magazine as a dtacaíocht don chomórtas agus dúirt:

“Tá an comórtas Siansa Gael Linn anois ar cheann de na mórimeachtaí ar fhéilire na gceoltóirí óga. Agus Gael Linn ag ceiliúradh 60 bliain a bhunaithe, is údar sásaimh a bhfuil á bhaint amach againn i réimse an cheoil. I dteannta scoth an cheoil, cinntíonn Siansa go mbíonn an Ghaeilge i lár an aonaigh.”

TUILLEADH EOLAIS: Seán Ó Mainnín 087 2220241 / 091 869961 /mannions@mac.com

Permalink - Posted: April 16, 2013 at 12:35 pm