News

Missed an earlier news item? Visit the news archive.

Seán Ó Riada Gold Medal 2013: Call for entries

www.cuireadhchunceoil.ie

The competition for the Seán Ó Riada Gold Medal 2013 is now open to entries from metal reed instruments – box, concertina and mouth organ.  One overall winner will be chosen, and will be presented with a Seán Ó Riada gold medal, and prize money of €2500, at a gala concert in Cork in January to be broadcast live on RTÉ Raidió na Gaeltachta.

The competition, now in its fourth year, was initiated by musician and RTÉ Raidió na Gaeltachta presenter Peadar Ó Riada as a means of bringing the family of listeners to his Friday evening trad programme Cuireadh chun Ceoil together, and building a worldwide network of traditional music fans.

Last year’s competition was open to harp and pipes, and the competition was won by Monaghan piper Tiarnán Ó Duinnchinn and harpist Oisín Morrison from Dublin.
In this competition judges will deem character, spirit and musicality as being equally as important, if not more so, than technical proficiency.

To enter, musicians should record 5 pieces of music and upload them to www.cuireadhchunceoil.ie , or alternatively burn them to CD and send them to Peadar Ó Riada.  Full details are on the website.  The closing date for entries is 6 September.  Those intending to enter are advised to do so as soon as possible, rather than waiting for the closing date.

15 musicians will be shortlisted, and they will take part in a concert on 24 January in the Rochestown Park Hotel in Cork, where the winner will be chosen.

Cashel goldsmith Pádraig Ó Mathúna has designed and created the Seán Ó Riada gold medal, which features a portrait of Seán Ó Riada on one side and an engraving inspired by the Song of Amergin on the other.

Over the next few months Peadar Ó Riada will play some of the entries to the competition on his weekly traditional music programme Cuireadh chun Ceoil on Raidió na Gaeltachta on Fridays at 7pm.  Listeners can also register with the website www.cuireadhchunceoil.ie to hear the entries.

Further information:
Caitríona Ní Bhaoill, Press Officer,  RTÉ Raidió na Gaeltachta
email: Caitriona.nibhaoill@rte.ie      or  Tel. 086 8769585

Seán Ó Riada: Comórtas do Bhonn Óir 2013 oscailte

www.cuireadhchunceoil.ie

Tá Peadar Ó Riada ó RTÉ Raidió na Gaeltachta ag glacadh le hiarratais anois don chomórtas bliantúil ceoil i gcuimhne a athair, Seán Ó Riada.  Tá comórtas na bliana seo dírithe ar na huirlisí giolcaigh miotail – bosca ceoil, consairtín, orgán béil srl.  Bronnfar bonn óir agus duais airgid €2500 ar cheoltóir amháin ag ceolchoirm mhór in Óstán an Rochestown Park i gCorcaigh i mí Eanáir.

Seo an ceathrú bliain den chomórtas a bhíonn á reáchtáil ag Peadar Ó Riada ar a chlár Cuireadh chun Ceoil, agus é mar aidhm aige an clann éisteoirí atá ag an gclár a thabhairt le chéile agus líonra a fhorbairt le cúnamh ón nua-theicneolaíocht.

Anuraidh, ba iad na píobaí agus an chruit na huirlisí a bhí i gceist, agus ba iad an píobaire Tiarnán Ó Duinnchinn as Muineachán agus an cruitire Oisín Morrison as BÁC a thug na boinn óir leo.

Sa chomórtas seo beidh ceolmhaireacht agus spiorad an cheoil chomh tábhachtach céanna do na moltóirí, nó níos tábhachtaí fiú, ná cruinneas teicniúil.

Le cur isteach ar an gcomórtas, ba cheart do cheoltóirí 5 phíosa ceoil a thaifead agus iad a uaslódáil go dtí an suíomh idirlín www.cuireadhchuneoil.ie, nó iad a chur ar dhlúthdhiosca agus iad a chur sa phost chuig Peadar Ó Riada i gCúil Aodha.  Tá na sonraí uilig le fáil ar an suíomh.  Beifear ag glacadh le hiarratais go dtí 6 Meán Fómhair.  Moltar dóibh siúd ar mhaith leo cur isteach ar an gcomórtas é sin a dhéanamh go luath, gan a bheith ag fanacht go dtí an dáta deiridh.

Roghnófar 15 iomaitheoir don ghearrliosta, agus tabharfar cuireadh dóibh siúd seinm ar stáitse ag ceolchoirm mhór in Óstán an Rochestown Park i gCorcaigh ar 24 Eanáir, áit a roghnófar an buaiteoir.

Is é an gabha óir Pádraig Ó Mathúna as Caiseal Mumhan a rinne an bonn óir.  Portráid Sheáin Uí Riada atá ar thaobh amháin den bhonn, agus tá íomhá greanta ar an taobh eile bunaithe ar Dhán Aimhirgín.

Casfaidh Peadar Ó Riada cuid de na hiarrachtaí ó iomaitheoirí ar a chlár Cuireadh chun Ceoil gach Aoine ar Raidió na Gaeltachta ag 7pm, agus beidh daoine in ann clárú leis an suíomh idirlín www.cuireadhchunceoil.ie agus iad a chloisteáil ansin freisin.

Tuilleadh Eolais:
Caitríona Ní Bhaoill, Oifigeach Poiblíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta
email: Caitriona.nibhaoill@rte.ie     or Tel. 086 8769585

Permalink - Posted: August 7, 2013 at 4:29 pm