News

Missed an earlier news item? Visit the news archive.

Ceolchoirm Cheiliúrtha ag RTÉ Raidió na Gaeltachta i Maigh Cuilin

Cuireann RTÉ Raidió na Gaeltachta fáilte roimh an bpobal a bheith ina gcuideachta ag coirm mhór cheoil agus damhsa Dé Sathairn 8 Márta sa Forge i Maigh Cuilinn do Lá le Pádraig.  Déanfar taifead ar an gcoirm, agus craolfar é ar Raidió na Gaeltachta ar Lá le Pádraig ag 7 pm.  Séan Bán Breathnach a bheidh ina fhear an tí.

Beidh ceoltóirí, amhránaithe agus damhsóirí den chéad scoth ar an ardán ar an oíche, agus idir cheol traidisiúnta, cheol tíre, amhránaíocht agus damhsa ar an sean-nós acu dúinn.  Ar na ceoltóirí atá deimhnithe go dtí seo don oíche, tá Patrick Connolly; an damhsóir Gearóid Ó Dubháin; na hamhránaithe sean-nóis Nan Tom Teaimín de Búrca, Briocán Bairéad agus Bríd Ní Mhaoilchiaráin;  Cór Chois Fharraige; Maidhc Ó hÉanaigh agus Dáire Bracken; Avril Rushe agus Piaras Ó Cuív; agus craobh Mhaigh Cuilinn de CCÉ.

Beidh an choirm ar siúl sa Forge i Maigh Cuilinn.  Osclóidh na doirse ag 7.45 pm agus cuirfear tús leis an gceol ag 8pm.  Níl táille ar bith ar an doras.

Tá súil ag RTÉ Raidió na Gaeltachta go mbeidh sibh in ann a bheith inár gcuideachta don cheiliúradh ceolmhar seo.  Beidh an choirm le cloisteáil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar Lá le Pádraig ag 7pm.

RnaG celebrates the best of the west with a concert in Moycullen

RTÉ Raidió na Gaeltachta would like to invite the public to join them for a celebratory St. Patrick’s Day Concert which will take place on 8 March in The Forge, Moycullen, for broadcast on St. Patrick’s Day, hosted by Seán Bán Breathnach.

The concert will feature a host of great musicians from the west of Ireland performing a mix of trad, folk, country, song and dance.  Musicians confirmed for the night to date include Patrick Connolly; dancer Gearóid Ó Dubháin; sean-nós singers Nan Tom Teaimín de Búrca TG4 Singer of the Year 2014, Briocán Bairéad and Bríd Ní Mhaoilchiaráin;  Cór Chois Fharraige choir; Maidhc Ó hÉanaigh and Dáire Bracken; Avril Rushe and Piaras Ó Cuív; and the Moycullen branch of Comhaltas Ceoltóirí Éireann.  Seán Bán Breathnach will bring his own inimitable style to the show as presenter.

The gig takes place in The Forge, Moycullen, on Saturday 8 March with doors opening at 7.45 pm, and the concert will start at 8 pm.  There is no admission charge.

RTÉ Raidió na Gaeltachta hopes you can join them for this celebration of our music and culture.  The concert will be broadcast on RTÉ Raidió na Gaeltachta on St. Patrick’s Day at 7 pm.

Permalink - Posted: February 28, 2014 at 4:06 pm