News

Missed an earlier news item? Visit the news archive.

Final of Siansa Gael Linn live on RTÉ Raidió na Gaeltachta

The national final of the Siansa Gael Linn 2014 competition will be broadcast live on RTÉ Raidió na Gaeltachta on Sunday 6 April at 7.30 pm from the National Concert Hall, Dublin.

Eight groups of young traditional musicians will take to the stage for the final, and it will fall to Mary Bergin, Ciarán Ó Maonaigh and Niamh Ní Charra to choose the winners.  Áine Hensey will present the night.

The groups will travel from all over the country to take part in the final.  Munster competitors are Trioscar from Waterford, Lasair from Mallow in Cork, and Ceoltóirí Chnoc na Gaoithe from Tulla, Co. Clare.  There will be two groups from Connacht in the final – Iontas from Coola Post Primary School in Riverstown, Co. Sligo, and Glór Mhaigh Eo from Castlebar, Co. Mayo.  Na Rógairí from Coláiste Cois Life in Lucan, and Na hÓgánaigh from Coláistí Eoin & Íosagáin in Booterstown, will represent Dublin, and there will be one group competing from Ulster, Cóiriú from St Mary’s Grammar School in Magherafelt, Co. Derry.

The competition is run by Gael Linn, with support from RTÉ Raidió na Gaeltachta and Irish Music Magazine.

The Siansa Gael Linn 2014 final will be broadcast live on RTÉ Raidió na Gaeltachta on Sunday 6 April at 7.30 pm.

Craobh Siansa Gael Linn beo ón gCeoláras Náisiúnta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

Beidh Craobh Siansa Gael Linn á craoladh beo ón gCeoláras Náisiúnta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Domhnaigh 6 Aibreán ag 7.30 pm.

Ocht ngrúpa de cheoltóirí óga ó cheann ceann na tíre a bheidh páirteach sa chraobh, agus is iad na ceoltóirí aitheanta Mary Bergin, Ciarán Ó Maonaigh agus Niamh Ní Charra a bheidh i mbun moltóireachta.  Áine Hensey a chuirfidh an oíche i láthair.

Ó Chúige Mumhan, beidh na grúpaí Trioscar ó Phort Láirge, Lasair ó Mhala i gCorcaigh, agus Ceoltóirí Chnoc na Gaoithe ón Tulach i gCo. an Chláir, san iomaíocht sa chraobh.  Ó Chúige Chonnacht beidh Iontas ó Ghairmscoil Chúl Átha i mBaile Idir Dhá Abhainn, Co. Sligigh, agus Glór Mhaigh Eo ó Chaisleán an Bharraigh, páirteach.  Beidh dhá ghrúpa ón phríomhchathair – Na Rógairí ó Choláiste Cois Life i Leamhcán, agus na hÓgánaigh ó Choláistí Eoin agus Íosagáin i mBaile an Bhóthair, ar stáitse, agus beidh grúpa amháin ó Chúige Uladh, sin Cóiriú ó Scoil Mhuire, Machaire Fíolta i gCo. Dhoire.

Is iad Gael Linn a reáchtálann an comórtas seo, le tacaíocht ó RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Irish Music Magazine.

Beidh Craobh Siansa Gael Linn 2014 le cloisteáil beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Domhnaigh 6 Aibreán 7.30 pm.

Permalink - Posted: March 26, 2014 at 5:10 pm