News

Missed an earlier news item? Visit the news archive.

RnaG ag craoladh beo ó Scoil Samhraidh Willie Clancy

www.rte.ie/rnag

I mbliana, tabharfaidh RTÉ Raidió na Gaeltachta a 42ú cuairt ar Scoil Samhraidh Willie Clancy, agus beidh siad ag craoladh beo ó Shráid na Cathrach ó Dhomhnach go hAoine.

Dé Domhnaigh 6 Iúil, tosóidh an craoladh le coirm cheoil dhá uair an chloig beo ó Halla an Phobail ag 8 pm, Éirinn is Alba, a dhéanfaidh ceiliúradh ar an dlúthcheangal idir Alba agus Scoil Samhraidh Willie Clancy.

Ar na ceoltóirí a bheidh páirteach sa choirm, beidh Allan MacDonald, Alannah MacInnes, Kirsten Allstaff, Margaret Bennett agus grúpa ó Cape Breton.  Ar thaobh na hÉireann, beidh Cathal McConnell, Seán Óg Potts, Kevin Glackin, Paul McGrattan, Éamon agus Geraldine Cotter le Charlie Harris, agus Damhsóirí Seite Eugene Donnellan, gan ach cuid acu a lua.

Ansin, gach lá ó Luan go hAoine ag 2 pm, beidh Seán Bán Breathnach sa chathaoir le craic, ceol agus spraoi beo ón Ródaí i gcroílár Shráid na Cathrach.

Beidh Eagraí Ceoil na seirbhíse, Neansaí Ní Choisdealbha, sa chathaoir tráthnóna Máirt, Céadaoin agus Déardaoin ag 7 pm do Cheol Binn ó na Beanna.  Beidh togha na gceoltóirí beo ar an gclár aici, idir shean agus óg, daoine clúiteacha agus iad siúd atá muid díreach ag cur aithne orthu.

Muna mbeidh sé ar do chumas a bheith i Sráid na Cathrach, gheobhaidh tú blaiseadh maith den spraoi ó Scoil Samhraidh Willie Clancy 2014 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.  Is féidir éisteacht ar 92-94 fm, nó ar líne www.rte.ie/rnag, ar feadh na seachtaine.   Beidh féiríní ag foireann RnaG, freisin, ag an Ródaí dóibh siúd atá i láthair.

RnaG live from Scoil Samhraidh Willie Clancy all week

RTÉ Raidió na Gaeltachta will be making their 42rd annual trip to the Willie Clancy Summer School this year, and will be broadcasting live from Miltown Malbay all week, from Sunday to Friday.

On Sunday evening, the broadcasting begins with a two-hour live concert from the Community Centre at 8 pm, Éirinn is Alba, celebrating the strong ties between Scotland and Scoil Samhraidh Willie Clancy.

Musicians on stage that night will include, from the Scottish side, Allan MacDonald, Alannah MacInnes, Kirsten Allstaff, Margaret Bennett and a group from Cape Breton.  The Irish side will be represented by, among others,  Cathal McConnell, Seán Óg Potts, Kevin Glackin, Paul McGrattan, Éamon and Geraldine Cotter with Charlie Harris, and The Eugene Donnellan Set Dancers,  to mention but a few.

From Monday to Friday at 2 pm, Seán Bán Breathnach will bring his Miltown Malbay sideshow to town, with great fun, live music and interviews from the RnaG roadcaster, An Ródaí, in the heart of town.  You never know who might stop by!

Music Editor at the station, Neansaí Ní Choisdealbha, will be broadcasting her three midweek shows live from Miltown.  Tune to Ceol Binn ó na Beanna Tuesday, Wednesday and Thursday evenings at 7 pm for great live sessions from the Ródaí.

If you can’t be at the Willie Clancy Summer School, the next best thing is to tune to RTÉ Raidió na Gaeltachta on 92-94 fm, or live online www.rte.ie/rnag, throughout the week.  If you’re in Miltown, stop by the Ródaí where the RnaG team will be giving out goodies.

Further information:
Caitríona Ní Bhaoill, Press Officer, RTÉ Raidió na Gaeltachta

Permalink - Posted: June 25, 2014 at 5:30 pm