News

Missed an earlier news item? Visit the news archive.

Live Traditional Music all next week from Scoil Samhraidh Willie Clancy

www.rte.ie/rnag

RTÉ Raidió na Gaeltachta listeners will be able to enjoy great traditional music live all next week from Scoil Samhraidh Willie Clancy in Miltown Malbay in Co. Clare from Sunday 5th July – Friday 10th July.

On Sunday 5th July, Raidió na Gaeltachta’s Willie Clancy coverage begins with the ‘Éirinn is Alba’ concert, celebrating the links between the festival and the traditional musicians of Scotland.  The performers will include Maighread Stiùbhart, Murdo Mc Donald, Alana Mac Innes, Paul Anderson, Shona Donaldson and Allan Mac Donald on the Scottish side, and The McCarthy Family, Seán and Niamh Talty, Éamon McGivney, John Kelly and family, Eamonn and Geraldine Cotter, Charlie Harris and Róisín White, on the Irish side.  Neansaí Ní Choisdealbha will present the concert in the Community Centre in Miltown, which starts at 8 pm.

Then, all week, RnaG will be broadcasting live from its roadcaster, an Ródaí, from the heart of Miltown.  Seán Bán Breathnach will be making his annual pilgrimage to West Clare, and broadcasting live from 1.30 pm – 4 pm Monday to Friday, with plenty of great live music and interviews every afternoon.

Raidió na Gaeltachta Music Editor, Neansaí Ní Choisdealbha, a talented musician in her own right, will be on the lookout for the best in trad music all week, which she will bring to listeners Tuesday, Wednesday and Thursday on Ceol Binn ó na Beanna from 7pm – 9 pm live from the Ródaí.  Last year, Neansaí’s guests included the Mulcahy Family, John and Jacinta McEvoy, Edel Fox, Ann and Nicky McAuliffe, Leo Rickard and Jimmy O’Brien Moran, to name but a few, and trad fans won’t be disappointed if they tune in to the shows this year.

During the live programmes, RnaG will be giving away plenty of prizes and goodies to those outside the Ródaí, so stop by and have a listen if you’re in the area.

Tune to RnaG on 92-94 fm, or you can listen live or listen back online at www.rte.ie/rnag .

Ceol traidisiúnta beo ó Scoil Samhraidh Willie Clancy ar feadh na seachtaine

www.rte.ie/rnag

Beidh togha an cheoil thraidisiúnta le cloisteáil ag éisteoirí RTÉ Raidió na Gaeltachta beo ó Scoil Samhraidh Willie Clancy ón 5 – 10 Iúil.

Dé Domhnaigh 5 Iúil, cuirfear tús leis an gcraoladh ó Chontae an Chláir leis an gcoirmcheoil ‘Éirinn is Alba’ ó Halla an Phobail ag 8 pm.  Ceiliúradh ar an nasc láidir idir Scoil Samhraidh Willie Clancy agus ceoltóirí na hAlban a bheidh san ócáid.  Ar chuid de na ceoltóirí Albanacha a bheidh ar stáitse, beidh Maighread Stiùbhart, Murdo Mc Donald, Alana Mac Innes, Paul Anderson, Shona Donaldson agus Allan Mac Donald, agus ar na hÉireannaigh a bheidh le cloisteáil, beidh Muintir McCarthy, Seán agus Niamh Talty, Éamon McGivney, John Kelly agus a theaghlach, Eamonn agus Geraldine Cotter, Charlie Harris agus Róisín White.  Is í Neansaí Ní Choisdealbha a chuirfidh an choirm i láthair.

Ansin, ó Luan go hAoine, beidh Seán Bán Breathnach ag craoladh beo ón Ródaí i gcroílár Shráid na Cathrach ó 1.30 pm – 4pm gach lá.  Beidh ceoltóirí, amhránaithe agus damhsóirí istigh aige le píosa comhrá a dhéanamh agus ceol a chasadh gach iarnóin.

Beidh Eagraí Ceoil Raidió na Gaeltachta, Neansaí Ní Choisdealbha, in iarthar an Chláir ar feadh na seachtaine freisin agus í ag faire amach don chuid is fearr den cheol, a bheidh le cloisteáil ansin ó Mháirt go Déardaoin ar a clár Cheol Binn ó na Beanna 7 pm – 9 pm.  Ar chuid de na sár-cheoltóirí a bhí istigh aici an bhliain seo caite, bhí Muintir Mulcahy, John agus Jacinta McEvoy, Edel Fox, Ann agus Nicky McAuliffe, Leo Rickard agus Jimmy O’Brien Moran, agus ní bheidh díomá ar bith ar éisteoirí a thugann cluas don chlár i mbliana leis an rogha aíonna.

Beidh neart duaiseanna agus féiríní ag RnaG le tabhairt uathu taobh amuigh den Ródaí i Sráid na Cathrach, mar sin má tá sibh sa cheantar buailigí suas chucu.

Tá RnaG le fáil ar 92-94 fm, agus ar líne ag www.rte.ie/rnag.  Is féidir éisteacht beo, nó éisteacht siar, le cláracha.

Permalink - Posted: June 29, 2015 at 11:43 am