News

Missed an earlier news item? Visit the news archive.

Final call for flute and whistle players: Seán Ó Riada Gold Medal competition

Peadar Ó Riada has put out the final call to flute and whistle players for entries to the Seán Ó Riada Gold Medal 2015 competition, which will close on 2 October.  The final will be broadcast live on RTÉ Raidió na Gaeltachta next February.

This is the sixth year of the competition, established by Cork musician Peadar Ó Riada, to counteract the over-emphasis on technicality in other music competitions, and the failure to recognise the importance of spirit and musicality in playing.  Last year, the competition was won by a young fiddler from Brosna in Kerry, Darragh Curtin.  Other past winners include Cormac Begley, Tim McHugh, Aoife Ní Bhriain, Tiarnán Ó Duinnchinn and Oisín Morrison.

To apply for the Seán Ó Riada Gold Medal 2015 competition, musicians should record 5 tracks of unaccompanied music, and upload them to cuireachchunceoil.ie, or send them on CD to Peadar Ó Riada, address details are on the site.

Peadar will be playing some of the competition entries on his RTÉ Raidió na Gaeltachta music programme Cuireadh chun Ceoil, Fridays at 7 pm.

The 15 finalists will be announced during the Éigse Dhiarmuidín festival in Cúil Aodha in West Cork in early December, and they will be invited to take part in the final in Cork on 5 February 2016.

The winner will take home the Seán Ó Riada Gold Medal, designed by Pádraig Ó Mathúna, and €2000.

The contest is sponsored by RTÉ Raidió na Gaeltachta, Iontaobhas Fódhla, Gael Linn, Rochestown Park Hotel, Comhaltas Ceoltóirí Éireann and IMRO.

Bonn Óir Seán Ó Riada 2015: Feadóga móra agus feadóga stáin

Tá an dáta deiridh d’iarratais do Bhonn Óir Seán Ó Riada 2015 ag druidim linn, agus ní mór do cheoltóirí feadóige móra agus feadóige stáin gur mian leo cur isteach air é sin a dhéanamh faoin 2 Deireadh Fómhair.  Craolfar an chraobh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta i mí Feabhra.

Bíonn an comórtas seo á reáchtáil ag Peadar Ó Riada gach bliain ar a chlár Cuireadh chun Ceoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.  Chuir Peadar tús leis an gcomórtas sé bliana ó shin i gcuimhne ar a athair, agus cuirtear an-bhéim ar ceolmhaireacht agus ar spiorad an cheoil ann.  Anuraidh, thug an fidléir óg Darragh Curtin as Brosna i gCo. Chiarraí an bonn leis.  Ar na buaiteoirí eile go dtí seo, bhí Cormac Begley, Tim McHugh, Aoife Ní Bhriain, Tiarnán Ó Duinnchinn agus Oisín Morrison.

Gheobhaidh an buaiteoir Bonn Óir Seán Ó Riada, deartha ag an ngabha óir Pádraig Ó Mathúna, agus €2000.

Le cur isteach ar an gcomórtas, ba cheart do cheoltóirí 5 phíosa ceoil a thaifead, gan tionlacan,  agus iad a uaslódáil go dtí an suíomh idirlín cuireadhchunceoil.ie, nó iad a chur ar dhlúthdhiosca agus iad a chur sa phost chuig Peadar Ó Riada i gCúil Aodha.  Tá breis eolais le fáil ar an suíomh.

Fógrófar an 15 iomaitheoir a bheidh sa chraobh ag Éigse Dhiarmuidín i gCúil Aodha ag tús mhí na Nollag.

Casfaidh Peadar Ó Riada cuid de na hiarrachtaí ón gcomórtas Cuireadh chun Ceoil a bhíonn le cloisteáil ag 7 pm gach Aoine ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Is iad na hurraithe ar an gcomórtas, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Iontaobhas Fódhla, Gael Linn, Rochestown Park Hotel, Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus IMRO.

Permalink - Posted: September 24, 2015 at 1:57 pm