News

Missed an earlier news item? Visit the news archive.

New radio series with students from Irish World Academy of Music and Dance

A new series presented and produced by students at the Irish World Academy of Music and Dance in University of Limerick will be broadcast on RTÉ Raidió na Gaeltachta, starting on Friday 12 February 2 pm.

The series will have 6 programmes, presented and produced by first year students at the academy.

The series title means ‘on the banks of the Shannon’ where it was recorded on the beautiful UL campus.  In it, we’ll hear interviews, as well as music and song from the students, their friends and family, former students, and academic staff at the university.

Some of the guest traditional musicians to be heard in the series will include Professor Mícheál Ó Súilleabháin, founder and former director of the Academy; Sandra Joyce, current director; Tadhg Ó Meachair from the band Goitse; Eileen O’Brien; Siobhán Peoples; and Orfhlaith Ní Bhriain.

Each programme will be presented by two students, with Deirdre Penrose and Karl Doherty leading the charge on the first show.  The other presenters will be Áine Ní Chadhain, Gordon Nolan, Cáit Ní Mhaoileoin, Kate Ní hÉanacháin, Ciara Ní Chonghaile, Eugena Ní Shúilleabháin, Aisling Lyons, Lisa Ní Cheallaigh, Gillian Ní Mháille and Aedín Ní Thiarnaigh.  Áine Hensey is Series Producer.

The first programme in the series Ar Bhruach na Sionainne will be broadcast on RTÉ Raidió na Gaeltachta on Friday 12 February at 2 pm.  The programme will be rebroadcast on Sundays at 8 pm.

Sraith nua raidió le mic léinn ó Dhámh Cruinne Éireann in Ollscoil Luimnigh

Cuirfear tús le sraith nua ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé hAoine 12 Feabhra ag 2 pm, Ar Bhruach na Sionainne, le mic léinn ó Dhámh Chruinne Éireann in Ollscoil Luimnigh.

6 chlár uilig a bheidh sa tsraith, agus is iad mic léinn na céad bliana a dhéanfaidh léiriú agus láithriú ar na cláracha.

Rinneadh an tsraith a thaifead ar champas álainn na hollscoile cois abhainn na Sionainne, agus sna cláracha cloisfimid agallaimh, ceol agus amhráin ó na mic léinn iad féin, óna gcairde agus a muintir, chomh maith le hiar-scoláirí, teagascóirí agus lucht léinn na hollscoile.

Ar chuid de na haoi-cheoltóirí a bheidh le cloisteáil sa tsraith beidh an tOllamh Mícheál Ó Súilleabháin, bunaitheoir agus iar stiúrthóir na Dáimhe; Sandra Joyce, an stiúrthóir reatha; Tadhg Ó Meachair ón ngrúpa Goitse; Eileen O’Brien; Siobhán Peoples; agus Orfhlaith Ní Bhriain.

Beirt a chuirfidh i láthair gach clár, agus beidh Deirdre Penrose agus Karl Doherty ar an stiúir don chéad chlár.  Is iad na mic léinn eile a bheidh ag láithriú le linn na sraithe, Áine Ní Chadhain, Gordon Nolan, Cáit Ní Mhaoileoin, Kate Ní hÉanacháin, Ciara Ní Chonghaile, Eugena Ní Shúilleabháin, Aisling Lyons, Lisa Ní Cheallaigh, Gillian Ní Mháille agus Aedín Ní Thiarnaigh.  Áine Hensey an Léiritheoir Sraithe.

Craolfar an chéad chlár sa tsraith Ar Bhruach na Sionainne ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé hAoine 12 Feabhra ag 2 pm.  Beidh athchraoladh den chlár le cloisteáil gach Domhnach ag a 8 pm.

Permalink - Posted: February 4, 2016 at 3:57 pm