News

Missed an earlier news item? Visit the news archive.

Pipers and Harpists: One week left to compete in Seán Ó Riada Gold Medal 2016 competition

Pipers and harpists have one week left to apply for the Seán Ó Riada Gold Medal 2016. 30 September is the final date for entries to the competition, which is run by Peadar Ó Riada on his RTÉ Raidió na Gaeltachta programme Cuireadh chun Ceoil.

To enter, musicians should record 5 pieces of music and upload them to www.cuireadhchunceoil.ie , or alternatively burn them to CD and send them to Peadar Ó Riada in Cúil Aodha. Full details are on the website.

A prize of €2500 and the Seán Ó Riada Gold Medal will be presented to both a piper and harpist chosen from the 15 finalists who will compete in the Rochestown Park Hotel in early February next year.

The instrument for the competition changes each year through a 4 year cycle, and piper Tiarnán Ó Duinnchinn from Monaghan and harpist Oisín Morrison from Dublin were the musicians who last won the Seán Ó Riada Gold Medal when it was open to pipes and harp.

Cashel goldsmith Pádraig Ó Mathúna has designed and created the Seán Ó Riada gold medal, which features a portrait of Seán Ó Riada on one side and an engraving inspired by the Song of Amergin on the other.

Over the next few months Peadar Ó Riada will play some of the entries to the competition on his weekly traditional music programme Cuireadh chun Ceoil on Raidió na Gaeltachta on Fridays at 7pm. Listeners can also register with the website www.cuireadhchunceoil.ie to hear the entries.

RTÉ Raidió na Gaeltachta
Preasráiteas

Píobaí agus Cláirseach: Seachtain fágtha le cur isteach ar Bhonn Óir Seán Ó Riada 2016

Tá seachtain fágtha ag píobairí agus cláirseoirí le cur isteach ar Bhonn Óir Seán Ó Riada 2016. Is é 30 Meán Fómhair an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais don chomórtas seo, atá á riaradh ag Peadar Ó Riada ar a chlár Cuireadh chun Ceoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Le cur isteach ar an gcomórtas, ba cheart do cheoltóirí 5 phíosa ceoil a thaifead agus iad a uaslódáil go dtí an suíomh idirlín www.cuireadhchuneoil.ie, nó iad a chur ar dhlúthdhiosca agus iad a chur sa phost chuig Peadar Ó Riada, i gCúil Aodha. Tá na sonraí uilig le fáil ar an suíomh.

I mbliana, bronnfar duais €2500 an duine ar chláirseoir agus ar phíobaire ag an gcraobh, a bheidh ar siúl in Óstán an Rochestown Park i gCorcaigh ag tús mhí Feabhra seo chugainn. Tabharfar cuireadh do 15 ceoltóir bheith san iomaíocht sa chraobh.

Ba iad an píobaire Tiarnán Ó Duinnchinn as Muineachán, agus an cláirseoir Oisín Morrison as Baile Átha Cliatha, na ceoltóirí ar bronnadh Bonn Óir Seán Ó Riada orthu an uair dheireanach go raibh an dá uirlis sin i gceist sa chomórtas.

Is é an gabha óir Pádraig Ó Mathúna as Caiseal Mumhan a rinne an bonn óir. Portráid Sheáin Uí Riada atá ar thaobh amháin den bhonn, agus tá íomhá greanta ar an taobh eile bunaithe ar Dhán Aimhirgín.

Casfaidh Peadar Ó Riada cuid de na hiarrachtaí ó iomaitheoirí ar a chlár Cuireadh chun Ceoil gach Aoine ar Raidió na Gaeltachta ag 7pm, agus beidh daoine in ann clárú leis an suíomh idirlín www.cuireadhchunceoil.ie agus iad a chloisteáil ansin freisin.

Permalink - Posted: September 28, 2016 at 9:05 am