News

Missed an earlier news item? Visit the news archive.

‘Eithne - Idir Dhá Shaol’

A beautiful voice comes to us from the other side of eternity in this moving film about the life of singer Eithne Ní Uallacháin.

20th December @ 21:30, TG4

All of us are caught up in this world of conflicting emotions and that was especially true of Eithne who expressed her innermost thoughts in the songs of her native Oriel and songs she wrote herself.

With husband Gerry O’Connor in the highly successful Lá Lugh, she embraced the ancient and the modern, she strode the worlds of Irish and English and she could sing with heartrending beauty or play the flute with passion and imagination.

Eithne was full of the vim and vitality of life but at the same time was filled with darkness only she understood. She was the product of a uniquely Irish cultural heritage but her voice could reach something deep inside all of mankind.

‘Eithne – Idir Dhá Shaol’ is told from the intimate perspective of Eithne’s family, friends and fellow musicians. “Eithne was a rare talent and I’m very excited for people to see how my mother’s creative energy and imagination are represented in this film” Feilimí O’ Connor (Director & Producer).

Featuring: Gerry O’Connor, Dónal O’Connor, Mairéad Ní Mhaonaigh, Jim Corr, Mario N’Goma, Gilles le Bigot, Padráigín Ní Uallacháin, Cathal Ó Searcaigh and performance artist Gráinne Smith.

Eithne’s Ní Uallacháin’s story ‘Idir Dhá Shaol will premiere on the 15th of December at 11:30 at the IFI, Templebar, Dublin and will be shown on TG4 on the 20th of December at 9.30pm. The documentary will be repeated at 7.45pm on the 28th December on TG4.

Director & Producer:              Feilimí O’Connor,

Director of Photography:        Réamonn Mac Donnacha

Editor:                                     Jill Beardsworth

Stirling Film & Television Productions produced ‘Eithne – Idir Dhá Shaol’ for TG4 with funding from Northern Ireland’s Screen ‘Irish Language Broadcast Fund (ILBF)’ in association with BEES NEES and MG ALBA.

‘Bilingua – Ceol Eithne Ní Uallacháin’ - A unique concert celebrating the life and music of seminal Irish singer Eithne Ní Uallacháin will be shown on the 28th December at 8.45pm on TG4.  Featuring Karen Matheson, Muireann Nic Amhlaoibh & Pauline Scanlon.

For more information contact:

feilimi@stirlingtelevision.co.uk  +44 (0) 28 9033 3848

www.eithneniuallachain.com

Eithne – Idir Dhá ShaoL

Cloiseann muid glór binn an amhránaí Eithne Ní Uallacháin ag teacht chugainn trí scamaill na síoraíochta sa scannán cumhachtach seo faoina saol agus a saothar.

20ú Nollaig ag 21:30 – TG4

Bhí an dá shaol agus an dá léamh i gcroí agus i gceol Eithne, an seansaol agus saol an lae inniu, saol na Gaeilge agus an Bhéarla. Bhí áilleacht agus binneas ina glór agus paisean ina cuid fliúiteadóireachta.

Is iomaí duine a bhraitheann an phian agus an choimhlint a bhaineann le saol an lae inniu, agus is faoin scáth sin freisin a mhair Eithne ag amanntaí ina saol. D’inis Eithne scéal na mothúchán sin lena glór aoibhinn nuair a bhí sí ag ceol amhráin thraidisiúnta a ceantair féin, ceantar Oirialla, amhráin nua-chumtha a tháinig óna lámh, nó sin nuair a bhí sí ag casadh in éineacht lena fear céile Gerry O’Connor sa ghrúpa cáiliúil Lá Lugh.

Bhí Eithne lán le spraoi agus spiorad an tsaoil ach bhí dorchadas ina croí istigh nár thuig duine ar bith ach í.  Cé gur fáiscíodh Eithne as oidhreacht agus cultúr ar leith, chuaigh a glór agus a cuid ceoil sa chroí ag cách.

Is iad muintir, cairde agus ceoltóirí a sheinn in éindigh le hEithne a insíonn scéal a saoil óna ndearcadh féin agus ón taithí phearsanta a bhí acu uirthi.

“Bhí bua ar leith ag Eithne agus tá mé iontach sásta go mbeidh deis ag daoine eile an spiorad cruthaitheach agus an tsamhlaíocht a bhí ag mo mháthair a fheiceáil ar an scáileán” - Feilimí O’Connor (Stiúrthóir & Léiritheoir)

I measc aíonna an scannáin, tá: Gerry O’Connor, Dónal O’Connor, Mairéad Ní Mhaonaigh, Jim Corr, Mario N’Goma, Gilles le Bigot, Padráigín Ní Uallacháin, Cathal Ó Searcaigh and an taibhealaíontóir Gráinne Smith.

Taispeánfar  ‘Idir Dhá Shaol’, scéal Eithne Ní Uallacháin, don chéad uair ar an 15 Nollaig san IFI i mBarra an Teampaill, Baile Átha Cliath ag a 11.15 r.n. Craolfar an scannán ar TG4 ar an 20 Nollaig ag 9.30 i.n. Déanfar athchraoladh ar an scannán ar TG4 ar an 28 Nollaig ag 7.45 i.n.

Stiúrthóir agus Léiritheoir:                  Feilimí O’Connor,

Stiúrthóir Grianghrafadóireachta:        Réamonn Mac Donnacha

Eagarthóir:                                           Jill Beardsworth

Ba iad Stirling Film & Television Productions a léirigh ‘Eithne – Idir Dhá Shaol’ ar son TG4 le maoiniú ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge, Scáileáin Thuaisceart Éireann i gcomhar le BEES NEES agus MG ALBA.

Taispeánfar  ‘Bilingua – Ceol Eithne Ní Uallacháin’ Ceolchoirm in omós do shaothar ceoil an amhranaí Eithne Ní Uallacháin ar an 28 Nollaig ag 9.45i.n. – TG4. Beidh Karen Matheson, Muireann Nic Amhlaoibh & Pauline Scanlon i measc na gceoltoirí ar stáitse.

Tuilleadh Eolais: feilimi@stirlingtelevision.co.uk    +44 (0)28 9033 3848

Permalink - Posted: December 8, 2016 at 4:33 pm