News

Missed an earlier news item? Visit the news archive.

Pipers and harpists to compete for Seán Ó Riada Gold Medal on 3 Feb

Pipers and harpists will compete in the final for the Seán Ó Riada Gold Medal on Friday 3 February. The event, which takes place in the Rochestown Park Hotel in Cork, will be presented by Peadar Ó Riada and broadcast live on Cuireadh chun Ceoil on RTÉ Raidió na Gaeltachta from 7 pm.

One piper and one harpist will be presented with the Seán Ó Riada Gold Medal, and they will share a cash prize of €2500.

Judges are esteemed musicians Jimmy O’Brien Moran, Allan MacDonald and Laoise Kelly.

Last year’s winner was flute player Sean Gavin from Detroit and Chicago.

The competition is part of a weekend of activities taking place at the Rochestown Park Hotel for Comhdháil na gCeoltóirí, a conference for musicians. On Saturday, there will be an information session for musicians covering music royalties, visas, funding applications, and more, with an opportunity to meet with publishers, broadcasters and representatives from arts organisations. This will be followed on Saturday night by a concert of previous winners of the Seán Ó Riada Gold Medal. There is an entry fee of €10 for the final on Friday night, a nominal fee of €5 for entry to the conference, and the concert on Saturday is free.
Further information on the conference is available at claru@cuireadhchunceoil.ie

Competitors in the final are:
Pipes:
Éanna Ó Croinín (Meath), Michael Coughlan (Cork), Cian Smith (Waterford), Tim Doyle (Dublin), Jack MacPartlin (Tipperary).
Harp:
Niamh McGloin (Sligo), Alannah Thornburgh (Mayo), Éadaoin Ní Mhaicín (Mayo), Úna Ní Fhlannagáin (Galway), Gráinne Fitzgibbon (Limerick), Aislinn Gagliardi (Chicago), Cathy Potter (Clare), Colm McGonigle (Belfast), Floriane Blancke (France).

Tune to Cuireadh chun Ceoil on RTÉ Raidió na Gaeltachta from 7 pm on Friday 3 February, or listen online at www.rte.ie/rnag

___________________________________________________________________________

Píobairí agus Cláirseoirí san iomaíocht do Bhonn Óir Seán Ó Riada

Beidh píobairí agus cláirseoirí san iomaíocht i mbliana sa chraobh do Bhonn Óir Seán Ó Riada, a chraolfar beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé hAoine 3 Feabhra.
Is é Peadar Ó Riada a chuirfidh an ócáid i láthair beo ó Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh i gCorcaigh. Beidh 14 ceoltóir ar stáitse, agus roghnófar buaiteoir amháin ar na píobaí agus ar an gcláirseach. Gheobhfaidh na buaiteoirí Bonn Óir Seán Ó Riada an duine, agus roinnfidh siad €2500 freisin.

Is iad Ailean Domhnallach, Jimmy O’Brien Moran agus Laoise Kelly a bheidh i mbun moltóireachta.

Tá ráta speisialta €50 an duine (beirt ag roinnt seomra) ar chead isteach chuig an gcraobh agus leaba agus bricfeasta ar fáil san óstán.

Beidh an choirm ar siúl mar chuid de Chomhdháil na gCeoltóirí, ócáid dhá lá a bheidh ar siúl in Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh. Dé Sathairn, beidh seisiún eolais do cheoltóirí ar réimse leathan ábhar, ina measc dleachta ceoil, iarratais maoinithe, víosaí, foilsiú ceoil, cóipcheart, bolscaireacht, agus a thuilleadh nach iad, agus beidh iondaithe i láthair ó Gael linn, Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus IMRO.

Mar chuid den ócáid freisin, beidh coirm na mbuaiteoirí ar siúl oíche Dé Sathairn. Beidh cead isteach €5 ar an gComhdháil, agus beidh cead isteach saor in aisce ar an gcoirm.

Na ceoltóirí a bheidh sa chraobh:
Píobaí:
Éanna Ó Croinín (An Mhí), Michael Coughlan (Corcaigh), Cian Smith (Port Láirge), Tim Doyle (BÁC), Jack MacPartlin (Tiobraid Árann).

Cláirseach:
Niamh McGloin (Sligeach), Alannah Thornburgh (Maigh Eo), Éadaoin Ní Mhaicín (Maigh Eo), Úna Ní Fhlannagáin (Gaillimh), Gráinne Fitzgibbon (Luimneach), Aislinn Gagliardi (Chicago), Cathy Potter (An Clár), Colm McGonigle (Béal Feirste), Floriane Blancke (An Fhrainc).

Beidh an chraobh le cloisteáil beo ó Chorcaigh ar Cuireadh chun Ceoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé hAoine 3 Feabhra 7 pm.

Permalink - Posted: January 26, 2017 at 10:17 am